An tOllamh Nuala Ní Dhomhnaill

English version

Rugadh í i Lancashire i 1952 le tuismitheorí Éireannacha, tógadh í i nGaeltacht an Daingin agus san Aonach, Co. Thiobraid Árann, agus fuair sí a cuid oideachais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. I measc na gcnuasach filíochta léi tá An Dealg Droighin (1981), Féar Suaithinseach (1984), Rogha Dánta/Selected Poems (1986, 1988, 1990), Pharaoh’s Daughter (1990), Feis (1991), The Astrakhan Cloak (1992), Spíonáin is Róiseanna (1993), In the Heart of Europe: Poems for Bosnia (1998) agus Cead Aighnis (2000). Foilsíodh The Water Horse le haistriúcháin le Medbh McGuckian agus le hEiléan Ní Chuilleanáin i 1999, agus tá aistriúchán déanta ar a cuid filíochta go minic ag na filí Michael Hartnett, Seamus Heaney, Paul Muldoon agus Michael Longley. I 1995, rinne sí eagarthóireacht ar Jumping off Shadows: Selected Contemporary Irish Poets in éineacht le Greg Delanty, agus tá roinnt drámaí do leaní scríofa aici.

Rinneadh ball de chuid Aosdána de Nuala Ní Dhomhnaill i 1981. Bhuaigh sí Duais Sheáin Uí Ríordáin i 1982, 1984, 1990, Duais na Comhairle Ealaíne um Fhilíochta i 1985 and 1988, Gradam an Oireachtais (1984), Dámhachtain Filíochta O’ Shaughnessy na Fondúireachta Gael Mheiriceánaigh (1988), Duais Litríochta Chiste na hÉireann-Mheiriceánach (1991) agus bhí sí ina scríbhneoir cónaithe do Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin i 1998. Mhúin sí in Ollscoil Nua-Eabhrac, Boston College agus Ollscoil Villanova sna Stáit Aontaithe, agus ceapadh í mar an dara hOllamh Éireannach le Filíocht (Ireland Professor of Poetry) in 2001.

Dánta Roghnaithe



An Crann, Quince, Gan do Chuid Éadaigh agus Nude ó Pharaoh’s Daughter le Nuala Ní Dhomhnaill, aistrithe ag Paul Muldoon agus foilsithe ag The Gallery Press, 1990. Tusa agus You Are ó The Water Horse le Nuala Ní Dhomhnaill, aistrithe ag Eiléan Ní Chuilleanáin agus foilsithe ag The Gallery Press, 1999. Foilsítear na dánta anseo le cead ó The Gallery Press www.gallerypress.ie.