|
An tOllamh Nuala Ní Dhomhnaill - View page in English
Rugadh í i Lancashire i 1952 le tuismitheorí Éireannacha, tógadh í i nGaeltacht an Daingin agus san Aonach, Co. Thiobraid Árann, agus fuair sí a cuid oideachais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. I measc na gcnuasach filíochta léi tá An Dealg Droighin (1981), Féar Suaithinseach (1984), Rogha Dánta/Selected Poems (1986, 1988, 1990), Pharaoh's Daughter (1990), Feis (1991), The Astrakhan Cloak (1992), Spíonáin is Róiseanna (1993), In the Heart of Europe: Poems for Bosnia (1998) agus Cead Aighnis (2000). Foilsíodh The Water Horse le haistriúcháin le Medbh McGuckian agus le hEiléan Ní Chuilleanáin i 1999, agus tá aistriúchán déanta ar a cuid filíochta go minic ag na filí Michael Hartnett, Seamus Heaney, Paul Muldoon agus Michael Longley. I 1995, rinne sí eagarthóireacht ar Jumping off Shadows: Selected Contemporary Irish Poets in éineacht le Greg Delanty, agus tá roinnt drámaí do leaní scríofa aici.
Rinneadh ball de chuid Aosdána de Nuala Ní Dhomhnaill i 1981. Bhuaigh sí Duais Sheáin Uí Ríordáin i 1982, 1984, 1990, Duais na Comhairle Ealaíne um Fhilíochta i 1985 and 1988, Gradam an Oireachtais (1984), Dámhachtain Filíochta O' Shaughnessy na Fondúireachta Gael Mheiriceánaigh (1988), Duais Litríochta Chiste na hÉireann-Mheiriceánach (1991) agus bhí sí ina scríbhneoir cónaithe do Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin i 1998. Mhúin sí in Ollscoil Nua-Eabhrac, Boston College agus Ollscoil Villanova sna Stáit Aontaithe, agus ceapadh í mar an dara hOllamh Éireannach le Filíocht (Ireland Professor of Poetry) in 2001.
Dánta Roghnaithe
Gan do Chuid Éadaigh (Nude) View
An Crann (As for the Quince)View
Tusa (You Are) View
"An Crann", "Quince", "Gan do Chuid Éadaigh" agus "Nude" ó Pharaoh’s Daughter le Nuala Ní Dhomhnaill, aistrithe ag Paul Muldoon agus foilsithe ag The Gallery Press, 1990. "Tusa" agus "You Are" ó The Water Horse le Nuala Ní Dhomhnaill, aistrithe ag Eiléan Ní Chuilleanáin agus foilsithe ag The Gallery Press, 1999. Foilsítear na dánta anseo le cead ó The Gallery Press www.gallerypress.ie.
|